Cómhrá Am Lóin i rith Seachtain Na Gaeilge
8 - 12 Márta 2021 8 – 12 March 2021
PREASRÁITEAS:
Tá Comhairle Chontae Uíbh Fháilí áthasach ‘Cómhrá Am Lóin’ le Cathaoirleach, Clr John Carroll, a fhógair, sraith chómhráite ag am lóin as Gaeilge mar pháirt de chlár Leabharlainne Uíbh Fháilí ar líne do Sheachtain na Gaeilge.
Deir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Uíbh Fháilí, Anna-Marie Delaney, “Cuirim fáilte roimh an imeacht iontach seo i gclár bríomhar Leabharlann Uíbh Fháilí do Sheachtain na Gaeilge, mar tugann na cómhráite seo deis dúinn an Ghaeilge a chothú agus a thacú”.
Beidh na cómhráite seo ag tarlú gach lá ag 1.00 i.n. ó Dé Luain, 8 Márta go dtí Dé hAoine, 12 Márta, agus pléifear ábhair éagsúla, ó chuimhní ar bhua stairiúil Uíbh Fháilí i gCraobh Iomána na hÉireann i 1981 go Gaeilge sa chóras Oideachais agus Gaeilge mar theanga bheo. Beidh ré na chómhráite 30-40 nóiméid gach lá, agus tá ticéidí le fáil ar Eventbrite.