Skip to main content

Fógra Toghcháin – Údarás Áitiúil: Comhairle Chontae Uíbh Fhailí

Táthar ar tí toghchán a reáchtáil chun comhaltaí do gach aon cheann de thoghlimistéir áitiúla a thoghadh don údarás áitiúil atá luaite thuas.

Is féidir páipéir ainmniúcháin a fháil ón seoladh thíos le linn gnáthuaire oifige.

Féadfaidh duine é féin nó í féin a ainmniú mar iarrthóir i dtoghchán nó féadfaidh duine eile (is duine atá cláraithe mar thoghthóir rialtais aitiúil i limistéar an údaráis áitiúil a bhfuil sé beartaithe ag an duine an t-iarrthóir a ainmniú dó), mar mholtóir, é nó í a ainmniú, lena thoiliú nó lena toiliú i scríbhinn.

Ní mór deimhniú cleamhnachta polaitíochta a bheith ag gabháil le páipéar ainmniúcháin ó iarrthóir páirtí polaitíochta cláraithe agus caithfear é a thabhairt ar aird domsa lena fhoirm/lena foirm ainmniúcháin chomhlánaithe.

Mura mbeidh aon deimhniú tugtha ar aird ní mór don iarrthóir, roimh an am is déanaí chun ainmniúcháin a fháil, ceachtar den dá rud seo a dhéanamh –

  • cúig aontú dhéag leis an ainmniúchán a fháil trí dhearbhuithe reachtúla ó thoghthóirí rialtais áitiúil a bheidh cláraithe sa toghlimistéar áitiúil ábhartha (tá na foirmeacha ar fáil uaimse nó ón údarás cláraithe), nó
  • éarlais de €100 a íoc (is féidir éarlais a íoc thar ceann an iarrthóra freisin).

Is é 12 meánlae an 18ú lá de Bhealtaine, 2024 an t-am is déanaí le hainmniúcháin a ghlacadh.

Is féidir leis an iarrthóir nó lena mholtóir/a moltóir páipéir ainmniúcháin chomhlánaithe a sheachadadh chugam i bpearsa tráth ar bith a bhím i m’oifig, ó 10am an 11ú lá de Bhealtaine, 2024 go 12 meánlae ar an lá is déanaí le hainmniúcháin a ghlacadh.

Tá ceangal orm faoin dlí a bheith i láthair le glacadh le hainmniúcháin idir 10am agus 12 meán lae agus idir 2pm agus 5pm an 17ú lá de Bhealtaine, 2024 agus idir 10am agus 12 meán lae an 18ú lá de Bhealtaine, 2024.

Má bhíonn toghachán comhraic ann, reáchtálfar vótaíocht an 7ú lá de Mheitheamh, idir 7.00 am agus 10.00 pm.

Monica Ní Chléirigh, An Ceann Comhairimh
Comhairle Chontae Uíbh Fhailí, Áras an Chontae, Bóthar Charleville, An Tulach Mhór,Contae Uíbh Fhailí

25 Mí Aibreáin 2024

(Fógra Nuachtáin)