Skip to main content

Seachtain na Gaeilge 2024 ag Leabharlanna Uíbh Fhailí

07 Márta 2024

In onóir Sheachtain na Gaeilge, táimid ag ceiliúradh na Gaeilge agus á cur chun cinn trí éagsúlacht imeachtaí ón 1-17 Márta. Ba bhreá linn tú a bheith linn!

Beidh am scéalaíochta speisialta agus ceardaíocht Lá Fhéile Pádraig ar fáil do pháistí i leabharlanna éagsúla agus beidh roinnt focail agus frásaí Gaeilge ar taispeáint sna leabharlanna chun cabhrú le gach duine úsáid a bhaint as a gcúpla focal.

Dé Sathairn, an 9 Márta, déanfar tob-Ghaeltachtaí de Leabharlanna Bhiorra agus Thulach Mhór. Beidh fáilte roimh chách teacht isteach i gcomhair comhrá agus cupán tae, beidh an-chraic ann agus ceol Gaelach traidisiúnta fiú.

Chomh maith leis sin, beidh tráth na gceist as Gaeilge ar siúl ar fud na tíre do dhaltaí bunscoile agus meánscoile agus beidh duaiseanna speisialta le buachan.

Taobh amuigh de Sheachtain na Gaeilge, reáchtálaimid Ciorcal Comhrá i dtrí leabharlann.

  • Leabharlann Thulach Mhór: gach Máirt ag 18.45
  • Leabharlann Chlóirthigh: gach Céadaoin ag 15.00
  • Leabharlann Bhiorra: gach Satharn ag 11.00

Tá fáilte roimh chách bualadh isteach am ar bith agus iarracht a dhéanamh úsáid a bhaint as do chuid Gaeilge in atmaisféar fáilteach!

Téigh i dteagmháil leis an leabharlann is gaire duit chun níos mó eolais a fháil: Offaly.ie/libraries


07 March 2024

Seachtain na Gaeilge 2024 at Offaly Libraries

In honour of Seachtain na Gaeilge, we are celebrating and promoting the Irish language through a variety of events between March 1-17. We would love to have you join us!

Special storytimes and St. Patrick’s Day crafts will be on offer for children in various libraries and there will be some Irish words and phrases displayed around the libraries to help everyone try to use their cúpla focail.

On Saturday, 9th of March, Birr and Tullamore Libraries will become ‘Pop-Up Gaeltachts’, and all are welcome to come in for a comhrá and cupán tae with great craic and even some traditional Irish music  on offer.

As well as this, Irish quizzes will be happening across the county for primary and secondary school students with special prizes up for grabs.

Outside of Seachtain na Gaeilge, we hold Conversation Circles in three libraries.

  • Tullamore Library: every Tuesday at 18.45
  • Clara Library: every Wednesday at 15.00
  • Birr Library: every Saturday at 11.00

All are welcome to drop in anytime and try to use your Irish in a welcoming atmosphere!

Contact your local library for more information: Offaly.ie/libraries